Dáithí Mac Cárthaigh

Random entry RSS

  • Posted in:

    The constitutional status of the Irish language in a United Ireland. By Dáithí Mac Cárthaigh.

    Irish is experiencing a period of growth in its official use. It is a full official and working language of the European Union since 1 January 2022. Every regulation, directive and decision of the EU is now enacted and published in Irish at the same time and with the same status as the versions in the other 23 official languages of the Union, from world languages such as English, French and German to the languages of small nations such as Maltese, Estonian and Latvian. At national level, the Official Languages Act has been amended and the amending legislation signed into law by the President. The most noteworthy amendments provide that at least 20% of new recruits to the public service will be competent in Irish by the 31 December 2030 and that public services will be provided in Irish in Gaeltacht areas. At least 20% of public bodies’ advertising will be in Irish and at least 5% of their advertising budgets spend on Irish language media. Public bodies will facilitate the use of the síneadh fada. Bilingual logos, bilingual forms and bilingual advertising materials will be rolled out for public bodies. Protocols or ‘standards’ will be set in relation to services to be provided in Irish by public bodies, including services provided on their behalf by private agencies. Long-promised language legislation is being enacted at Westminster for Northern Ireland which will establish the office of Irish Language Commissioner and language standards for the provision of public services through Irish. In this context of growth, one must be watchful to ensure that the official status of Irish is safeguarded under any new constitutional arrangement. The status of Irish is secure at EU level and must be reproduced domestically. In the context of a united Ireland, the protection of minority rights will be very much to the fore, including the rights of Irish speakers. In relation to protecting linguistic minorities, Canadian constitutional law and language legislation, in particular the Canadian Charter of Rights and Freedoms provides a useful exemplar. This is set out and discussed below. Irish as the Premier Official Language From the foundation of the State, Irish is established as the national language of the country and from 1937, with the enactment of Bunreacht na hÉireann, as the first official language because it is the national language. There is a divergence between the Irish and English texts of Article 8.1. In cases such as this, the Irish version, under Article 25.5.4°, prevails. In the English version Irish is the “first official language”. In the Irish version it is the “príomhtheanga oifigiúil”  i.e. the premier or main official language. It matters not that this is more honoured in the breach than the observance. Very few laws are constantly observed but this does not nullify the constitutional imperative which flows from Article 8.1. Consider that equality as between citizens was guaranteed from 1937 by Article 40 of the Irish Constitution, but that the marriage-bar which obliged women to resign from state employment in the event that they married persisted until 1973 and that discriminatory practise was only ended under the shadow of European law. Similarly, it is because of this constitutional status and the constitutional imperative which flows from it that any victory for Irish language rights has been secured in the Courts. Anyone who proposes a reduction in the status of the language does not have the good of Irish at heart or is unfamiliar with the caselaw. The Constitution of the Irish Free State 1922 Article 4 of the 1922 Constitution provided as follows: The National language of the Irish Free State (Saorstát Éireann) is the Irish language, but the English language shall be equally recognised as an official language. Nothing in this Article shall prevent special provisions being made by the Parliament of the Irish Free State (otherwise called and herein generally referred to as the “Oireachtas”) for districts or areas in which only one language is in general use. A derogation from official bilingualism was permitted at the end of Article 4 “to provide for the contingency of the entry of Northern Ireland into the Free State” according to Kohn The Constitution of the Irish Free State (London 1932), p. 124. This, of course, is being superseded by the aforementioned UK language legislation for the North. Language matters are also discussed in Article 42: As soon as may be after any law has received the King’s assent, the clerk, or such officer as Dáil Éireann may appoint for the purpose, shall cause two fair copies of such law to be made, one being in the Irish language and the other in the English language (one of which copies shall be signed by the Representative of the Crown to be enrolled for record in the office of such officer of the Supreme Court as Dáil Éireann may determine), and such copies shall be conclusive evidence as to the provisions of every such law, and in case of conflict between the two copies so deposited, that signed by the Representative of the Crown shall prevail. There are a number of ways to read this provision. According to Hugh Kennedy, the first Chief Justice, in the case of Ó Foghludha v. McClean [1934] I.R. 469 bilingual enactment is implied by this Article: It is not for me here and now to express any opinion as to whether each Act should not have been enacted at the same time in the Irish language (as seems to be suggested by Article 42 of the Constitution). No doubt an Irish translation of each Act has been prepared subsequently and published officially but such translation has no effect as legislation, there being no power under the Constitution to delegate the legislative power of the Oireachtas to a staff of translators. I may add that legislation in two official languages concurrently is the settled practice elsewhere. The learned Chief Justice referred in particular in support of this contention to the practice of bilingual enactment in other

    Loading

    Read more

  • Posted in:

    Stádas bunreachtúil na Gaeilge in Éirinn aontaithe. Le Dáithí Mac Cárthaigh.

    Tá borradh tagtha agus ag teacht faoi stádas agus úsáid na Gaeilge sa saol oifigiúil. Is teanga oifigiúil oibre den Aontas Eorpach í gan mhaolú, cíos, cás ná cathú ón 1ú Eanáir 2022. Feasta achtófar agus clófar gach rialachán, treoir agus cinneadh den Aontas as Gaeilge ag an am céanna agus ar aon dul leis na leaganacha sna 23 teanga oifigiúil eile idir mhórtheangacha domhanda cosúil le Béarla, Fraincis agus Gearmáinis agus teangacha na náisiún beag cosúil le Máltais, Eastóinis nó Laitvis. Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla leasaithe agus an tAcht leasaithe sínithe ag Uachtarán na hÉireann. I measc na leasuithe is suntasaí anseo féachfar go mbeidh 20% ar a laghad den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí inniúil sa Ghaeilge faoin 31 Nollaig 2030 agus cuirfear seirbhísí poiblí ar fáil as Gaeilge sa Ghaeltacht. Beidh 20% d’fhógraíocht chomhlachtaí poiblí as Gaeilge agus caithfear 5% dá mbuiséid fógraíochta ar na meáin Ghaeilge. Éascófar úsáid síntí fada, cinnteofar lógónna dátheangacha, foirmeacha dátheangacha agus ábhar margaíochta dátheangach do chomhlachtaí poiblí. Leagfar síos prótacail nó caighdeáin chinnte maidir le seirbhísí as Gaeilge ó chomhlachtaí poiblí agus cuimseoidh na dualgais seo seirbhísí a chuireann comhlachtaí príobháideacha ar fáil thar ceann comhlachtaí poiblí. Tá reachtaíocht teanga á achtú do na Sé Chontae, reachtaíocht lena mbunófar caighdeáin teanga faoina soláthrófar seirbhísí poiblí as Gaeilge agus Coimisinéir Gaeilge a fheidhmeoidh mar ombudsman teanga. Sa chomhthéacs fáis seo, ní foláir a chinntiú go slánófar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil faoi aon socrú bunreachtúil nua. Is slán don stádas láidir oifigiúil ag leibhéal an Aontais Eorpaigh agus is gá a chomhaith a chur i bhfeidhm ag baile. I gcomhthéacs Éireann Aontaithe, beidh cosaint cearta mionlach go mór i gceist, lucht labhartha na Gaeilge ina measc. Ó thaobh cosaint mionlaigh teanga de, tá múnla eiseamláireach le fáil i ndlí bunreachtúil Cheanada sa Chairt Cheanadach um Chearta agus Saoirsí a leagtar amach agus a phléitear thíos. An Ghaeilge mar phríomhtheanga oifigiúil Ó bhunú an Stáit, tá an Ghaeilge neadaithe mar theanga náisiúnta na tíre agus ó 1937 le h-achtú an bhunreachta reatha is í an príomhtheanga oifigiúil í toisc gurb í an teanga náisiúnta í. Is cuma nach ndéantar beart de réir briathair ina thaobh seo i gcónaí. Is beag dlí a chomhlíontar a chuid riachtanas an t-am ar fad ach ní chealaíonn sé sin an t-ordaitheach bunreachtúil a eascraíonn ón seasamh bunreachtúil seo. Cuimhnítear gur ráthaíodh comhionannas idir shaoránaigh ó 1937 i leith ach gurbh éigean do mhná éirí as poist stáit nuair a phósaidís anuas go dtí 1973 agus nár cuireadh deireadh leis an gcleachtas leatromach seo ach faoi anáil dlí an Aontais Eorpaigh. Mar an gcéanna, is de bharr seasamh bunreachtúil seo na Gaeilge agus an t-ordaitheach a leanann é a baineadh amach aon bhua don Ghaeilge sna cúirteanna. An té a mholann an stádas sin a mhaolú, ní ar mhaithe leis an nGaeilge atá sé, é sin nó ní thuigeann sé an Bunreacht.   Bunreacht Saorstát Éireann 1922 D’fhoráiltí le hAirteagal 4 Bhunreacht 1922 mar seo a leanas: Sí an Ghaedhilg teanga Náisiúnta Shaorstáit Éireann, ach có-aithneofar an Béarla mar theanga oifigiúil. Ní choiscfidh éinní san Airtiogal so ar an Oireachtas forálacha speisialta do dhéanamh do cheanntair nó do líomatáistí ná fuil ach teanga amháin i ngnáth-úsáid ionta. Cheadaítí maolú ar an dátheangachas oifigiúil ag deireadh an Airteagail ‘to provide for the contingency of the entry of Northern Ireland into the Free State’ dar le Kohn The Constitution of the Irish Free State (Londain 1932), lch 124. Thráchtaí ar chúrsaí teanga chomh maith in Airteagal 42: Chó luath agus féadfar tar éis d’aon dlí aontú an Rí d’fháil, cuirfidh an cléireach no pé oifigeach eile a cheapfaidh Dáil Éireann chuige sin dhá chóip chearta den dlí sin á dhéanamh, ceann aca i nGaedhilg agus an ceann eile i mBéarla (agus sighneoidh Ionadaí na Coróinneach ceann de sna cóipeanna san chun é do chur ar rolla cuimhnte in oifig an oifigigh sin den Chúirt Uachtarach ar a gcinnfidh Dáil Éireann), agus beidh na cóipeanna san mar fhínéacht chríochnuithe ar fhorálacha gach dlí dá sórt, agus i gcás coinbhlíocht idir an dá chóip a cuirfear i dtaisce mar sin, sé an ceann a bheidh sighnithe ag Ionadaí na Coróinneach a bhuaidhfidh. Tá cúpla léamh ar an bhforáil seo. Dar leis an gcéad Phríomh-Bhreitheamh, Aodh Ó Cinneide, sa chás Ó Foghludha v. McClean [1934] I.R. 469 gur thug an tAirteagal achtú dátheangach le fios seachas achtú as Béarla amháin agus tiontú Gaeilge a chur amach ar ball agus luaigh sé an nós billí/achtanna a rith go dátheangach i dtíortha eile den dlí coiteann a raibh dhá theanga oifigiúla acu .i. Ceanada (Béarla agus Fraincis) agus an Afraic Theas (Béarla agus Ísiltíris).   Bunreacht na hÉireann 1937 Foráiltear le hAirteagal 8 den Bhunreacht reatha mar seo a leanas: Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í. Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile. Ach féadfar socrú a dhéanamh le dlí d’fhonn ceachtar den dá teanga sin a bheith ina haonteanga le haghaidh aon ghnó nó gnóthaí oifigiúla ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de. Is ionann stádas príomhúil na Gaeilge in Airteagal 8.1 agus ordaitheach bunreachtúil ar ar bunaíodh na cearta a baineadh amach sna cúirteanna, an ceart chun éisteachta a fháil os comhair breitheamh a thuigeann do chuid Gaeilge, m.sh. (Ó Cadhla v. An tAire Dlí agus Cirt [2019] IEHC 503). Tugtar faoi deara gur mó an poll sa taoschnó áfach in Airteagal 8.3 más ea, in ainneoin nár achtaíodh riamh dlí den chineál a dtráchtar air ann. Tráchtar ar chúrsaí reachtaíochta agus ar chúrsaí teanga in Airteagal 25. Foráiltear le hAirteagal 25.4.4° agus 6° mar seo a leanas: 4° i gcás an tUachtarán do chur a láimhe le téacs Bille i dteanga de na teangacha oifigiúla agus sa teanga sin amháin, ní foláir tiontú oifigiúil a chur amach sa teanga oifigiúil eile. 6° i gcás téacs Gaeilge agus téacs Sacs-Bhéarla de dhlí a chur isteach ina n-iris

    Loading

    Read more

  • Posted in:

    An Ghaeilge sa Dlí. Léirmheas leabhair le Cormac Ó Dúlacháin ar leabhar nua leis an abhcóide Dáithí Mac Cárthaigh ar ionad na Gaeilge i ndlí na tíre seo agus an Aontais Eorpaigh go stairiúil agus faoi láthair.

      Léirmheastóir – Cormac Ó Dúlacháin Is Abhcóide Sinsir é Cormac Ó Dúlacháin. Tá MA i Scríobh & Cumarsáid na Gaeilge bainte amach aige le deireanas ó UCD. Tá sé ina Cathaoirleach ar an sain-chumann nua dlí, Cumann Barra na Gaeilge, a saolaíodh i mbliana. Tá éacht déanta ag an abhcóide Dáithí Mac Cárthaigh agus leabhar léannta scríofa aige, An Ghaeilge sa Dlí (Leabhar Breac). Tá stíl shoiléir sa leabhar atá oiriúnach don léitheoir nach dlíodóir é nó í. Bíonn sé deacair cothromaíocht a fháil idir an doimhneacht agus cruinneas a éilíonn cúrsaí dlí agus an tsoiléireacht agus gontacht atá riachtanach do lámhleabhar, ach sin é go díreach atá déanta ag Mac Cárthaigh agus scéal na teanga, stair na tíre agus tionchar an Aontais Eorpaigh uirthi go léir anseo. Tá ardmholadh ag dul do Leabhar Breac as an téacs a stiúradh chun a chló. Teanga í an Ghaeilge nach raibh aon stádas aici sa saol poiblí is dócha ó 1200 ar aghaidh. Fásann impireachtaí trí fhorlámhas a rogha teanga féin a chur chun cinn. Caithfear dílseacht don ré úr a chinntiú tríd an sean-slabhra cultúrtha a bhriseadh. Is suntasach, mar shampla, an scrios a rinne Ríocht na Spáinne ar theangacha dúchasacha Mheiriceá Theas, Láir agus Thuaidh agus iad ag cur lena n-impireacht. Fiú sa lá atá inniu ann tá cos ar bolg á dhéanamh sa tSín ar gach teanga a thagann idir an saoránach agus dílseacht don pháirtí mór atá i réim. Pléann an leabhar seo le fealsúnacht na hAthbheochana, staid an dlí roimh bhunú an tSaorstáit, an Ghaeilge sa chéad Bhunreacht agus sa Bhunreacht atá go fóill againn. Díríonn sé isteach ar thagairtí don Ghaeilge in achtanna agus ionstraim reachtúla éagsúla, mar shampla i réimsí an oideachais agus an chraolacháin agus i gcúrsaí pleanála agus teanga. Déantar cíoradh chomh maith ar an sainmhíniú dlí ar cad is Gaeltacht ann. Déantar sár-anailís ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus mínítear don léitheoir cad go baileach atá leagtha amach ann. Tógtar sinn ar thuras trí chásanna cúirte a bhain nó ar bhain gné díobh leis an nGaeilge, cásanna ina raibh Daithí agus a leathbhádóir – an t-abhcóide sinsearach Séamas Ó Tuathail – lánpháirteach iontu go minic. (Is é Séamas atá ina eagarthóir comhairleach ar an leabhar seo.) Tá sé fíordheacair aon chorpas dlí a thógáil ar bhonn cásanna cúirte. Is minic go mbíonn ort fanacht blianta don chás ceart, cás leis an gcomhthéacs agus na fíricí cearta agus go fiú ansin ní bhíonn gach rud mar ab fhearr leat é. Ach bhí Séamas Ó Tuathail agus Dáithí Mac Cárthaigh ann chun cásanna a thabhairt go muiníneach agus gan eagla orthu an Stát a náiriú nuair ba ghá é sin a dhéanamh agus Dáithí ag tarraingt go minic ar fheasacha dlí ó Cheanada agus áiteanna eile. Tá glúin óg abhcóidí agus aturnaetha oilte agus spreagtha acu beirt chun cearta teanga a éileamh agus a chosaint. Bhí Dáithí Mac Cárthaigh go mór chun cinn san fheachtas chun lánaitheantas a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach agus ina dhiaidh sin i mbunú na gcúrsaí nua oiliúna don ghairm nua Dlítheangeolaíocht. Beart de réir a bhriathair, gan aon agó. Luíonn scáth Airteagal 8 den Bhunreacht go trom ar an leabhar. Cheapfá go raibh feidhm shuntasach ag baint le foclaíocht shimplí. ‘Os í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í.’ Ach de réir mar a d’fhás an státchóras, chaitheadh le hAirteagal 8 mar a chaithfeá le leac cuimhneacháin – tugadh cuairt anois agus arís air chun an caonach a ghlanadh de le féachaint cad a bhí scríofa ann. Ní fada go mbeidh gá le heagrán a dó don leabhar seo. Tá an bille chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú nach mór achtaithe. Tá muid ar thairseach aitheantas reachtaíochta a bhaint amach don Ghaeilge ó thuaidh. Tá cásanna cinniúnacha Gaeilge os comhair na gcúirteanna faoi láthair agus tá an tAontas Eorpach ar tí muid a náiriú trína thaispeáint go féidir dlíthe agus breithiúnais chúirte a fhoilsiú go comhuaineach sa Ghaeilge. Ní amháin gur leabhar dlí é seo ach leabhar spreagúil is ea é ina bhfuil an tírghrá fite fuaite sna tagairtí agus san anailís. Is leabhar misniúil é a thagraíonn do cad é is féidir a bhaint amach don Ghaeilge. Céad-fhoilsíodh an léirmheas seo in Comhar, Eagrán na Nollag 2021 https://leabharbreac.com/Teideal/an-ghaeilge-sa-dli/  

    Loading

    Read more