Share, , Google Plus, Pinterest,

Print

Stádas bunreachtúil na Gaeilge in Éirinn aontaithe. Le Dáithí Mac Cárthaigh.

Tá borradh tagtha agus ag teacht faoi stádas agus úsáid na Gaeilge sa saol oifigiúil. Is teanga oifigiúil oibre den Aontas Eorpach í gan mhaolú, cíos, cás ná cathú ón 1ú Eanáir 2022. Feasta achtófar agus clófar gach rialachán, treoir agus cinneadh den Aontas as Gaeilge ag an am céanna agus ar aon dul leis na leaganacha sna 23 teanga oifigiúil eile idir mhórtheangacha domhanda cosúil le Béarla, Fraincis agus Gearmáinis agus teangacha na náisiún beag cosúil le Máltais, Eastóinis nó Laitvis.

Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla leasaithe agus an tAcht leasaithe sínithe ag Uachtarán na hÉireann. I measc na leasuithe is suntasaí anseo féachfar go mbeidh 20% ar a laghad den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí inniúil sa Ghaeilge faoin 31 Nollaig 2030 agus cuirfear seirbhísí poiblí ar fáil as Gaeilge sa Ghaeltacht. Beidh 20% d’fhógraíocht chomhlachtaí poiblí as Gaeilge agus caithfear 5% dá mbuiséid fógraíochta ar na meáin Ghaeilge. Éascófar úsáid síntí fada, cinnteofar lógónna dátheangacha, foirmeacha dátheangacha agus ábhar margaíochta dátheangach do chomhlachtaí poiblí. Leagfar síos prótacail nó caighdeáin chinnte maidir le seirbhísí as Gaeilge ó chomhlachtaí poiblí agus cuimseoidh na dualgais seo seirbhísí a chuireann comhlachtaí príobháideacha ar fáil thar ceann comhlachtaí poiblí.

Tá reachtaíocht teanga á achtú do na Sé Chontae, reachtaíocht lena mbunófar caighdeáin teanga faoina soláthrófar seirbhísí poiblí as Gaeilge agus Coimisinéir Gaeilge a fheidhmeoidh mar ombudsman teanga.

Sa chomhthéacs fáis seo, ní foláir a chinntiú go slánófar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil faoi aon socrú bunreachtúil nua. Is slán don stádas láidir oifigiúil ag leibhéal an Aontais Eorpaigh agus is gá a chomhaith a chur i bhfeidhm ag baile. I gcomhthéacs Éireann Aontaithe, beidh cosaint cearta mionlach go mór i gceist, lucht labhartha na Gaeilge ina measc. Ó thaobh cosaint mionlaigh teanga de, tá múnla eiseamláireach le fáil i ndlí bunreachtúil Cheanada sa Chairt Cheanadach um Chearta agus Saoirsí a leagtar amach agus a phléitear thíos.

An Ghaeilge mar phríomhtheanga oifigiúil

Ó bhunú an Stáit, tá an Ghaeilge neadaithe mar theanga náisiúnta na tíre agus ó 1937 le h-achtú an bhunreachta reatha is í an príomhtheanga oifigiúil í toisc gurb í an teanga náisiúnta í. Is cuma nach ndéantar beart de réir briathair ina thaobh seo i gcónaí. Is beag dlí a chomhlíontar a chuid riachtanas an t-am ar fad ach ní chealaíonn sé sin an t-ordaitheach bunreachtúil a eascraíonn ón seasamh bunreachtúil seo. Cuimhnítear gur ráthaíodh comhionannas idir shaoránaigh ó 1937 i leith ach gurbh éigean do mhná éirí as poist stáit nuair a phósaidís anuas go dtí 1973 agus nár cuireadh deireadh leis an gcleachtas leatromach seo ach faoi anáil dlí an Aontais Eorpaigh.

Mar an gcéanna, is de bharr seasamh bunreachtúil seo na Gaeilge agus an t-ordaitheach a leanann é a baineadh amach aon bhua don Ghaeilge sna cúirteanna. An té a mholann an stádas sin a mhaolú, ní ar mhaithe leis an nGaeilge atá sé, é sin nó ní thuigeann sé an Bunreacht.

 

Bunreacht Saorstát Éireann 1922

D’fhoráiltí le hAirteagal 4 Bhunreacht 1922 mar seo a leanas:

Sí an Ghaedhilg teanga Náisiúnta Shaorstáit Éireann, ach có-aithneofar an Béarla mar theanga oifigiúil. Ní choiscfidh éinní san Airtiogal so ar an Oireachtas forálacha speisialta do dhéanamh do cheanntair nó do líomatáistí ná fuil ach teanga amháin i ngnáth-úsáid ionta.

Cheadaítí maolú ar an dátheangachas oifigiúil ag deireadh an Airteagail ‘to provide for the contingency of the entry of Northern Ireland into the Free State’ dar le Kohn The Constitution of the Irish Free State (Londain 1932), lch 124. Thráchtaí ar chúrsaí teanga chomh maith in Airteagal 42:

Chó luath agus féadfar tar éis d’aon dlí aontú an Rí d’fháil, cuirfidh an cléireach no pé oifigeach eile a cheapfaidh Dáil Éireann chuige sin dhá chóip chearta den dlí sin á dhéanamh, ceann aca i nGaedhilg agus an ceann eile i mBéarla (agus sighneoidh Ionadaí na Coróinneach ceann de sna cóipeanna san chun é do chur ar rolla cuimhnte in oifig an oifigigh sin den Chúirt Uachtarach ar a gcinnfidh Dáil Éireann), agus beidh na cóipeanna san mar fhínéacht chríochnuithe ar fhorálacha gach dlí dá sórt, agus i gcás coinbhlíocht idir an dá chóip a cuirfear i dtaisce mar sin, sé an ceann a bheidh sighnithe ag Ionadaí na Coróinneach a bhuaidhfidh.

Tá cúpla léamh ar an bhforáil seo. Dar leis an gcéad Phríomh-Bhreitheamh, Aodh Ó Cinneide, sa chás Ó Foghludha v. McClean [1934] I.R. 469 gur thug an tAirteagal achtú dátheangach le fios seachas achtú as Béarla amháin agus tiontú Gaeilge a chur amach ar ball agus luaigh sé an nós billí/achtanna a rith go dátheangach i dtíortha eile den dlí coiteann a raibh dhá theanga oifigiúla acu .i. Ceanada (Béarla agus Fraincis) agus an Afraic Theas (Béarla agus Ísiltíris).

 

Bunreacht na hÉireann 1937

Foráiltear le hAirteagal 8 den Bhunreacht reatha mar seo a leanas:

  1. Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í.
  2. Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile.
  3. Ach féadfar socrú a dhéanamh le dlí d’fhonn ceachtar den dá teanga sin a bheith ina haonteanga le haghaidh aon ghnó nó gnóthaí oifigiúla ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de.

Is ionann stádas príomhúil na Gaeilge in Airteagal 8.1 agus ordaitheach bunreachtúil ar ar bunaíodh na cearta a baineadh amach sna cúirteanna, an ceart chun éisteachta a fháil os comhair breitheamh a thuigeann do chuid Gaeilge, m.sh. (Ó Cadhla v. An tAire Dlí agus Cirt [2019] IEHC 503). Tugtar faoi deara gur mó an poll sa taoschnó áfach in Airteagal 8.3 más ea, in ainneoin nár achtaíodh riamh dlí den chineál a dtráchtar air ann.

Tráchtar ar chúrsaí reachtaíochta agus ar chúrsaí teanga in Airteagal 25. Foráiltear le hAirteagal 25.4.4° agus 6° mar seo a leanas:

4° i gcás an tUachtarán do chur a láimhe le téacs Bille i dteanga de na teangacha oifigiúla agus sa teanga sin amháin, ní foláir tiontú oifigiúil a chur amach sa teanga oifigiúil eile.

6° i gcás téacs Gaeilge agus téacs Sacs-Bhéarla de dhlí a chur isteach ina n-iris faoin alt seo agus gan an dá théacs sin a bheith de réir a chéile, is ag an téacs Gaeilge a bheidh an forlámhas.

Samhlaítear gur féidir bille a achtú go dátheangach go haonteangach anseo ach go gcuirfí amach tiontú oifigiúil sa teanga oifigiúil eile. Ní léir áfach go samhlaítear achtú as Béarla amháin. Is deacair a mhaoímh go dtagann achtú bille/achta as Béarla amháin le stádas na Gaeilge mar phríomhtheanga oifigiúil an Stáit.

Maidir le téacs an Bhunreachta féin, foráiltear le hAirteagal 25.5.4° go bhfuil forlámhas ag an téacs Gaeilge, rud a thagann go hiomlán le stádas príomhúil na Gaeilge sa Bhunreacht:

4° i gcás gan na téacsanna d’aon chóip áirithe den Bhunreacht seo a bheidh curtha isteach ina hiris faoin alt seo a bheith de réir a chéile, is ag an téacs Gaeilge a bheidh an forlámhas.

 

Réimeas Teanga an Aontais Eorpaigh

Is teanga oifigiúil agus oibre den Aontas Eorpach í an Ghaeilge agus an stádas sin gan mhaolú ón 1 Eanáir 2022. Achtaítear agus foilsítear dlíthe an Aontais sa 24 teanga oifigiúil ar fad go comhuaineach, an Ghaeilge san áireamh, cleachtas a thugann seasamh daingean di mar theanga oifigiúil de facto.

Is é Rialachán Uimhir 1 de 1958 an chéad dlí de chuid an Aontas Eorpach a ritheadh (Comhphobail Eacnamaíochta na hEorpa mar a bhí an uair sin ann) agus phléigh sé le cúrsa teanga. Ar ndóigh, ní féidir tabhairt faoi aon chlár oibre i gcomhthéacs ilteangach gan plé le cúrsa teanga ar dtús. Is mar seo a leanas a bhforáiltear le Rialachán 1/1958 mar atá leasaithe anois. Is liomsa an t-aibhsiú.

Airteagal 1: Is iad Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Ísiltíris, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Portaingéilis, Polainnis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvacais, Spáinnis, Sualannais agus Ungáiris teangacha oifigiúla agus oibre institiúidí an Aontais.

Airteagal 2: Féadfaidh doiciméid a sheolann Ballstát nó pearsa faoi réir dlínse Bhallstáit chuig institiúidí an Chomhphobail a dhréachtú in aon cheann de na teangacha oifigiúla is rogha leis an seoltóir. Déanfar an freagra a dhréachtú sa teanga chéanna.

Airteagal 3: Déanfar doiciméid a sheolann institiúid den Chomhphobal chuig Ballstát nó chuig pearsa faoi réir dlínse Bhallstáit a dhréachtú i dteanga an Stáit sin.

Airteagal 4: Déanfar rialacháin agus doiciméid eile a bhfuil feidhm ghinearálta leo a dhréachtú sa 24 teanga oifigiúil.

Airteagal 5: Déanfar Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach a fhoilsiú sa 24 teanga oifigiúil.

Airteagal 6: Féadfaidh Institiúidí an Chomhphobail a leagan amach ina gcuid rialacha nósanna imeachta cé acu de na teangacha atá le húsáid i gcásanna ar leith.

Airteagal 7: Déanfar na teangacha a úsáidfear in imeachtaí na Cúirte Breithiúnais a leagan síos ina rialacha nósanna imeachta.

Airteagal 8: Má bhíonn níos mó ná teanga oifigiúil amháin ag Ballstát, rialóidh Rialacha ginearálta dlí an Stáit sin, ar iarratas an Stáit sin, an teanga a úsáidfear.

Ó taobh prionsabail agus cleachtais de agus aon leasú a mholfaí maidir le cúrsaí Gaeilge sa tír seo faoi aon socrú bunreachtúil nua, seo é an t-urlár nua. Ní féidir seasamh níos lú a thabhairt don Ghaeilge ag baile ná mar atá aici ag leibhéal an Aontais.

Cuimhnítear gur cuid den dlí náisiúnta é dlí an Aontais Eorpaigh agus go gcuirtear i bhfeidhm é i gCúirteanna na hÉireann. Cuimhnítear freisin gur mór an buntáiste do mhaorlathas an Stáit Éireannaigh an stádas seo a bheith ag an nGaeilge ar an ábhar gur gá cur le líon na nÉireannach atá ag obair sna hInstitiúidí Eorpacha a n-imríonn tionchar láidir ar ár saol laethúil. Is gá d’iarrthóirí ar phost leis an AE a léiriú go bhfuil siad inniúil ar dhá theanga oifigiúla dá chuid. Is gá an tríú teanga oifigiúil dá chuid le hardú céime a fháil. Déanann stádas oifigiúil na Gaeilge san AE an bóthar a éascú don iarrthóir Éireannach don ghairm-réim seo. Ina theannta sin, ní gá go bhfanfadh an dá chéad saineolaí Gaeilge den AE le cúrsaí teanga agus is mó duine acu a bhog agus a bhogfaidh ar aghaidh chuig réimsí beartais agus polasaí, rud a dhéanfaidh leas an Stáit agus na tíre.

Cairt Cheanadach um Chearta agus Saoirsí

Foráiltear leis na codanna den Chairt Cheanadach um Chearta agus Saoirsí a bhaineann le cúrsaí teanga mar atá leagtha amach thíos. Is cáipéis í an Chairt ar cuid de Bhunreacht Cheanada í. Is liomsa an t-aibhsiú.

OFFICIAL LANGUAGES OF CANADA

  1. (1) English and French are the official languages of Canada and have equality of status and equal rights and privileges as to their use in all institutions of the Parliament and government of Canada.

(2) English and French are the official languages of New Brunswick and have equality of status and equal rights and privileges as to their use in all institutions of the legislature and government of New Brunswick.

(3) Nothing in this Charter limits the authority of Parliament or a legislature to advance the equality of status or use of English and French.

16.1(1)   The English linguistic community and the French linguistic community in New Brunswick have equality of status and equal rights and privileges, including the right to distinct educational institutions and such distinct cultural institutions as are necessary for the preservation and promotion of those communities.

(2) The role of the legislature and government of New Brunswick to preserve and promote the status, rights and privileges referred to in subsection (1) is affirmed.

  1. (1) Everyone has the right to use English or French in any debates and other proceedings of Parliament.

(2) Everyone has the right to use English or French in any debates and other proceedings of the legislature of New Brunswick

  1. (1) The statutes, records and journals of Parliament shall be printed and published in English and French and both language versions are equally authoritative.

(2) The statutes, records and journals of the legislature of New Brunswick shall be  printed and published in English and French and both language versions are equally  authoritative.

  1. (1) Either English or French may be used by any person in, or in any pleading in or process issuing from, any court established by Parliament.

                 (2) Either English or French may be used by any person in, or in any pleading in or    process issuing from, any court of New Brunswick.

  1. (1) Any member of the public in Canada has the right to communicate with, and to receive available services from, any head or central office of an institution of the   Parliament or government of Canada in English or French, and has the same right with respect to any other office of any such institution where

(a) there is a significant demand for communications with and services from that office in such language; or

(b) due to the nature of the office, it is reasonable that Communications with and services from that office be available in both English and French.

(2) Any member of the public in New Brunswick has the right to communicate with, and to receive available services from, any office of an institution of the legislature or government of New Brunswick in English or French.

  1. Nothing in sections 16 to 20 abrogates or derogates from any right, privilege or obligation with respect to the English and French languages, or either of them, that exists or is continued by virtue of any other provision of the Constitution of Canada.
  2. Nothing in sections 16 to 20 abrogates or derogates from any legal or customary right or privilege acquired or enjoyed either before or after the coming into force of this Charter with respect to any language that is not English or French.

Minority Language Educational Rights

Language of instruction

23            (1) Citizens of Canada

(a) whose first language learned and still understood is that of the English or French linguistic minority population of the province in which they reside, or

(b) who have received their primary school instruction in Canada in English or French and reside in a province where the language in which they received that instruction is the language of the English or French linguistic minority population of the province,

have the right to have their children receive primary and secondary school instruction in that language in that province.

Continuity of language instruction

(2) Citizens of Canada of whom any child has received or is receiving primary or secondary school instruction in English or French in Canada, have the right to have all their children receive primary and secondary school instruction in the same language.

Application where numbers warrant

(3) The right of citizens of Canada under subsections (1) and (2) to have their children receive primary and secondary school instruction in the language of the English or French linguistic minority population of a province

(a) applies wherever in the province the number of children of citizens who have such a right is sufficient to warrant the provision to them out of public funds of minority language instruction; and

(b) includes, where the number of those children so warrants, the right to have them receive that instruction in minority language educational facilities provided out of public funds.

(Níl alt 23(1)(a) I bhfeidhm in Québec).

Moladh d’airteagal bunreachtúil nua

Bunaithe ar an méid sin, mholfainn an leagan amach thíos mar Airteagal 8 nua, a bheadh oiriúnach do bhunreacht Éireann Aontaithe mar inter alia gléas cosanta cearta mionlaigh.

 

Teangacha Oifigiúla

8.1.1° Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í.

8.1.2° Is iad an Ghaeilge agus an Béarla teangacha oifigiúla an Stáit.

8.1.3° Is mór ag náisiún na hÉireann an tábhacht chultúrtha idir oidhreachtúil agus reatha a bhaineann leis an leagan de Bhéarla na hAlban a labhraítear i gCúige Uladh.

8.1.4° Is mór ag náisiún na hÉireann an t-ilteangachas i gcomhthéacs bhallraíocht an Stáit san Aontas Eorpach.

8.1.5° Is mór ag náisiún na hÉireann an t-iolrachas agus saibhreas cultúrtha agus teanga na bpobal in Éirinn a bhfuil cúlra inimirce acu.

8.1.6° Rithfidh an tOireachtas reachtaíocht chun aitheantas a thabhairt do Theanga Chomharthaíochta na hÉireann, chun prionsabail a leagan síos chun cearta lucht a húsáide í a úsáid le comhlachtaí poiblí agus in imeachtaí dlí a shuíomh, chun soláthar leordhóthanacha a dhéanamh d’oideachas inti agus do mhúineadh Theanga Chomharthaíochta na hÉireann mar cheart do pháistí lagéisteachta agus dá gcuid gcúramóirí agus d’úsáid Theanga Chomharthaíochta na hÉireann sna meáin agus do nithe gaolmhara.

 

Tithe an Oireachtais

8.2.1° Beidh ceart ag gach duine ceachtar de na teangacha oifigiúla a labhairt agus a úsáid in aon imeachtaí de chuid Tithe an Oireachtais nó aon Tí ar leith díobh, a gcuid coistí agus comhchoistí san áireamh, agus cuirfear seirbhís ateangaireachta comhuainí ar fáil ó theanga oifigiúil amháin chuig an teanga oifigiúil eile.

8.2.2° Déanfar gach tuairisc oifigiúil ar imeachtaí Thithe an Oireachtais agus gach Tí díobh a fhoilsiú go chomhuaineach i ngach ceann de teangacha oifigiúla.

8.2.3° Clófar agus foilseofar Riar na hOibre do gach Teach den Oireachtas agus an Iris Oifigiúil go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla agus comhstádas ag an dá leagan.

 

Reachtaíocht

8.3.1° Achtófar, clófar agus foilseofar gach Bille agus gach Acht den Oireachtas go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla agus comhstádas ag an dá leagan.

8.3.2° Déanfar, clófar agus foilseofar gach ionstraim reachtúil a dhéantar de bhun an údaráis a bhronntar le hAcht go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla agus comhstádas ag an dá leagan.

8.3.3° Tógfaidh an Rialtas gach céim is féidir chun a chinntiú go bhfíordheimhneofar aon chonradh nó coinbhinsiún idir Éire agus stát nó stáit eile i ngach ceann de na teangacha oifigiúla.

 

Na Cúirteanna

8.4.1° Féadfaidh duine ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid os comhair aon chúirt nó aon bhinse a bhfuil an chumhacht aige de réir dlí cearta agus dliteanais a shocrú nó cinntí a dhéanamh maidir le fíorais, idir phléadálacha, fhianaise, aighneacht scríofa agus ó bhéal agus orduithe.

8.4.2° In imeachtaí coiriúla agus sibhialta os comhair aon chúirt nó aon bhinse a bhfuil an chumhacht aige de réir dlí cearta agus dliteanais a shocrú nó cinntí a dhéanamh maidir le fíorais, déanfaidh an Stát agus gach ball den stát an teanga oifigiúil a bheidh roghnaithe ag an bpáirtí eile a úsáid sna himeachtaí agus sa chás nach bhfuil na páirtithe sa chás nach baill den Stát iad ag dul ar aghaidh sa teanga oifigiúil chéanna, úsáidfidh an Stát nó an ball den Stát an teanga oifigiúil atá réasúnach sna himthosca.

8.4.3° In imeachtaí coiriúla agus sibhialta os comhair aon chúirt nó aon bhinse a bhfuil an chumhacht aige de réir dlí cearta agus dliteanais a shocrú nó cinntí a dhéanamh maidir le fíorais ,ní foláir don chúirt nó don bhinse sin a bheith inniúil na teangacha oifigiúla a bheidh roghnaithe ag na páirtithe sa chás a thuiscint gan ateangaire ach amháin sa chás go suíonn an Chúirt Uachtarach mar Chúirt iomlán agus gach ball di ina suí uirthi amhlaidh.

8.4.4° Foilseofar breithiúnas gach aon chúirte agus binse a bhfuil an chumhacht aige de réir dlí cearta agus dliteanais a shocrú nó cinntí a dhéanamh maidir le fíorais sna teangacha oifigiúla a bhí in úsáid ag na páirtithe sa chás. Is ceadmhach tiontú oifigiúil ar bhreithiúnas a fhoilsiú sa chás go bhfuil tábhacht phoiblí i gcoitinne ag baint leis nó ar chúiseanna maithe eile. Ní foláir gach breithiúnas den Chúirt Uachtarach a bhfuil tábhacht phoiblí i gcoitinne ag baint leis a fhoilsiú sa dá theanga oifigiúla agus comhstádas ag an dá leagan.

 

Rochtain leis an Státchóras

8.5.1° Tá sé de cheart ag gach duine cumarsáid a dhéanamh le gach príomhoifig de gach ball den Stát agus gach gníomhaire a chuireann seirbhísí ar fáil thar ceann na príomhoifige sin agus seirbhísí a fháil ón oifig nó ón ngníomhaire sin i nGaeilge nó i mBéarla de réir mar a thograíonn an duine sin.

8.5.2° Tá sé de cheart ag gach duine cumarsáid a dhéanamh le gach oifig eile de gach ball den Stát agus gach gníomhaire a chuireann seirbhísí ar fáil thar ceann na oifige sin agus seirbhísí a fháil ón oifig nó ón ngníomhaire sin i nGaeilge nó i mBéarla de réir mar a thograíonn an duine sin sa chás go bhfuil éileamh réasúnach ar sheirbhísí sa teanga sin ón oifig sin nó gur réasúnach go mbeadh seirbhísí sa teanga sin ar fáil ón oifig sin ag éirí as nádúr na hoifige sin.

8.5.3° I gcás go ndéanfaidh duine cumarsáid i scríbhinn, leis an bpost leictreonach nó ar na meáin shóisialta i dteanga oifigiúil le ball den Stát nó gníomhaire a chuireann seirbhísí ar fáil thar a cheann, freagróidh an ball den Stát nó an gníomhaire sa teanga chéanna.

8.5.4° Déanfar doiciméid arna bhfoilsiú ag ball den Stát nó thar a cheann a bhfuil feidhm ghinearálta leo a dhréachtú agus a fhoilsiú sa dá theanga oifigiúla go comhuaineach.

8.5.5° Déanfar suímh idirlín de chuid gach ball den Stát a fhoilsiú sa dá theanga oifigiúla.

 

Oideachas

8.6.1° Tá sé de cheart ag gach páiste in aois scoile go múinfí teangacha oifigiúla an Stáit go héifeachtach dó nó dí.

8.6.2° Tá sé de cheart ag gach tuismitheoir go gcuirfí oideachas ar fáil saor in aisce dá gclann i scoileanna ina seachadtar an curaclam náisiúnta agus ina ndéantar an teagasc ar fad sa scoil trí mheán na Gaeilge agus gurb í an Ghaeilge teanga oibre agus riaracháin inmheánaigh na scoile agus a cuid seirbhísí tacaíochta gan dochar don scothchleachtas an Béarla agus teangacha ón iasacht a mhúineadh trí mheán na sprioctheanga ach éileamh inbhuanaithe ar scoil dá leithéid a léiriú sa cheantar i gceist.

8.6.3° Tá sé de cheart ag gach tuismitheoir go gcuirfí oideachas ar fáil saor in aisce dá gclann i scoileanna ina seachadtar an curaclam náisiúnta agus ina ndéantar an teagasc ar fad sa scoil trí mheán an Bhéarla agus gurb é an Béarla teanga oibre agus riaracháin inmheánaigh na scoile agus a cuid seirbhísí tacaíochta gan dochar don scothchleachtas an Ghaeilge agus teangacha ón iasacht a mhúineadh trí mheán na sprioctheanga ach éileamh inbhuanaithe ar scoil dá leithéid a léiriú sa cheantar i gceist.

Ní clár oibre athréimnithe a leagtar amach thuas ach clár oibre bunaithe ar chosaint mionlaigh agus cearta teanga. D’éileodh clár oibre athréimnithe go leanfaí sampla agus cleachtas na Catalóine, áit ar cuireadh an pharlaimint rialtais bhaile ar bun mar thionól a d’fheidhmigh trí Chatalóinis seachas trí Spáinnis in ainneoin an Chatalóinis a bheith mionlaithe go háitiúil. Is ón mbarr anuas a thagann athrú teanga.

 

 

Loading