Share, , Google Plus, Pinterest,

Print

An Ghaeilge sa Dlí.

Léirmheas leabhair le Cormac Ó Dúlacháin ar leabhar nua leis an abhcóide Dáithí Mac Cárthaigh ar ionad na Gaeilge i ndlí na tíre seo agus an Aontais Eorpaigh go stairiúil agus faoi láthair.

 

Léirmheastóir – Cormac Ó Dúlacháin

Is Abhcóide Sinsir é Cormac Ó Dúlacháin. Tá MA i Scríobh & Cumarsáid na Gaeilge bainte amach aige le deireanas ó UCD. Tá sé ina Cathaoirleach ar an sain-chumann nua dlí, Cumann Barra na Gaeilge, a saolaíodh i mbliana.

Tá éacht déanta ag an abhcóide Dáithí Mac Cárthaigh agus leabhar léannta scríofa aige, An Ghaeilge sa Dlí (Leabhar Breac).

Tá stíl shoiléir sa leabhar atá oiriúnach don léitheoir nach dlíodóir é nó í. Bíonn sé deacair cothromaíocht a fháil idir an doimhneacht agus cruinneas a éilíonn cúrsaí dlí agus an tsoiléireacht agus gontacht atá riachtanach do lámhleabhar, ach sin é go díreach atá déanta ag Mac Cárthaigh agus scéal na teanga, stair na tíre agus tionchar an Aontais Eorpaigh uirthi go léir anseo. Tá ardmholadh ag dul do Leabhar Breac as an téacs a stiúradh chun a chló.

Teanga í an Ghaeilge nach raibh aon stádas aici sa saol poiblí is dócha ó 1200 ar aghaidh. Fásann impireachtaí trí fhorlámhas a rogha teanga féin a chur chun cinn. Caithfear dílseacht don ré úr a chinntiú tríd an sean-slabhra cultúrtha a bhriseadh. Is suntasach, mar shampla, an scrios a rinne Ríocht na Spáinne ar theangacha dúchasacha Mheiriceá Theas, Láir agus Thuaidh agus iad ag cur lena n-impireacht. Fiú sa lá atá inniu ann tá cos ar bolg á dhéanamh sa tSín ar gach teanga a thagann idir an saoránach agus dílseacht don pháirtí mór atá i réim.

Pléann an leabhar seo le fealsúnacht na hAthbheochana, staid an dlí roimh bhunú an tSaorstáit, an Ghaeilge sa chéad Bhunreacht agus sa Bhunreacht atá go fóill againn. Díríonn sé isteach ar thagairtí don Ghaeilge in achtanna agus ionstraim reachtúla éagsúla, mar shampla i réimsí an oideachais agus an chraolacháin agus i gcúrsaí pleanála agus teanga. Déantar cíoradh chomh maith ar an sainmhíniú dlí ar cad is Gaeltacht ann. Déantar sár-anailís ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus mínítear don léitheoir cad go baileach atá leagtha amach ann.

Tógtar sinn ar thuras trí chásanna cúirte a bhain nó ar bhain gné díobh leis an nGaeilge, cásanna ina raibh Daithí agus a leathbhádóir – an t-abhcóide sinsearach Séamas Ó Tuathail – lánpháirteach iontu go minic. (Is é Séamas atá ina eagarthóir comhairleach ar an leabhar seo.) Tá sé fíordheacair aon chorpas dlí a thógáil ar bhonn cásanna cúirte. Is minic go mbíonn ort fanacht blianta don chás ceart, cás leis an gcomhthéacs agus na fíricí cearta agus go fiú ansin ní bhíonn gach rud mar ab fhearr leat é. Ach bhí Séamas Ó Tuathail agus Dáithí Mac Cárthaigh ann chun cásanna a thabhairt go muiníneach agus gan eagla orthu an Stát a náiriú nuair ba ghá é sin a dhéanamh agus Dáithí ag tarraingt go minic ar fheasacha dlí ó Cheanada agus áiteanna eile. Tá glúin óg abhcóidí agus aturnaetha oilte agus spreagtha acu beirt chun cearta teanga a éileamh agus a chosaint.

Dáithí Mac Cárthaigh

Bhí Dáithí Mac Cárthaigh go mór chun cinn san fheachtas chun lánaitheantas a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach agus ina dhiaidh sin i mbunú na gcúrsaí nua oiliúna don ghairm nua Dlítheangeolaíocht. Beart de réir a bhriathair, gan aon agó.

Luíonn scáth Airteagal 8 den Bhunreacht go trom ar an leabhar. Cheapfá go raibh feidhm shuntasach ag baint le foclaíocht shimplí. ‘Os í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í.’

Ach de réir mar a d’fhás an státchóras, chaitheadh le hAirteagal 8 mar a chaithfeá le leac cuimhneacháin – tugadh cuairt anois agus arís air chun an caonach a ghlanadh de le féachaint cad a bhí scríofa ann.

Ní fada go mbeidh gá le heagrán a dó don leabhar seo. Tá an bille chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú nach mór achtaithe. Tá muid ar thairseach aitheantas reachtaíochta a bhaint amach don Ghaeilge ó thuaidh. Tá cásanna cinniúnacha Gaeilge os comhair na gcúirteanna faoi láthair agus tá an tAontas Eorpach ar tí muid a náiriú trína thaispeáint go féidir dlíthe agus breithiúnais chúirte a fhoilsiú go comhuaineach sa Ghaeilge.

Ní amháin gur leabhar dlí é seo ach leabhar spreagúil is ea é ina bhfuil an tírghrá fite fuaite sna tagairtí agus san anailís. Is leabhar misniúil é a thagraíonn do cad é is féidir a bhaint amach don Ghaeilge.

Céad-fhoilsíodh an léirmheas seo in Comhar, Eagrán na Nollag 2021

https://leabharbreac.com/Teideal/an-ghaeilge-sa-dli/

 

Loading